Seo eagráin nua, in aon imleabhar amháin, de "Slí an Eolais" agus "Eagna
an Ghaeil", leis an Ollamh Cormac Ó Cadhlaigh. Cnuasach téarmaí,
seanfhocal, nathanna cainte, agus blúirí litríochta is seanchais, agus
iad rangaithe de réir téama (mar shampla, baill bheatha an duine,
sláinte, am agus aimsir, clann agus muintir) atá in "Slí an Eolais".
Leabhar coimhdeach ag "Slí an Eolais" é "Eagna an Ghaeil", a bhfuil
míniú ann ar sciar mór de na seanfhocail atá in "Slí an Eolais" maille
le míniú ar neart nathanna cainte eile agus sleachta machnaimh ar
ghnéithe éagsúla den saol. Tá lear eolais agus saibhreas teanga sa dá
shaothar seo, roinnt mhaith de ligthe i ndearmad, b'fhéidir, agus an té
a shúfaidh chuige a bhfuil iontu, saibhreofar go mór a chur amach ar
Éirinn agus ar a teanga. Tá léargas suimiúil iontu, leis, ar an saol in
Éirinn sna 1920idí (an tráth a foilsíodh an dá leabhar) agus ar na
tréithe a bhain leis-an mórtas cine, an chráifeacht, agus ciall do stair
agus do dhúchas na hÉireann. -- This is a new edition, in a single
volume, of "Slí an Eolais" and "Eagna an Ghaeil", by Professor Cormac Ó
Cadhlaigh. "Slí an Eolais" ('The Way of Knowledge') is a collection of
terms, proverbs, expressions, literary fragments and folklore, all
thematically classified (for example, the human body, health, time and
weather, children and family). "Eagna an Ghaeil" ('The Wisdom of the
Gael') is a companion to "Slí an Eolais", which explains of the majority
of the proverbs in "Slí an Eolais" as well as elucidating many
expressions and observations on various aspects of life. These two books
contain such an abundance of information and such richness of language,
much of it forgotten, perhaps, that readers who absorb the contents of
the two will will find their knowledge of Ireland and the Irish language
greatly augmented. The books also provide a fascinating insight into the
Ireland of the 1920s (when both books were published) and its
distinctive characteristics-national pride, piety, and an awareness of
Ireland's history and heritage.