Seo dánta roghnaithe as saothar Thomáis Mhic Shíomóin, duine de na filí
Gaeilge is triallmhairí dá bhfuil ag scríobh. Bíodh is go n-aithníonn an
file seo lorg fhilíocht thraidisiúnta na Gaeilge ar a cheird, tá sé
raíte go gcuireann a chuid filíochta meon comhaimseartha Eorpach in iúl
seachas dánta a mbeifí ag súil leis ó fhile a roghnaíonn ceann de na
teangacha is ársa san Eoraip mar mheán.